Cuardaigh

Sraith d’Eispéiris Foghlama Gairmiúla ar Líne

Tá Oide ag cur sraith seimineár gréasáin beo agus idirghníomhach ar fáil do mhúinteoirí ábhair Thráinse 2 na Sraithe Sinsearaí, anois ó foilsíodh Páipéir Shamplacha CSS Dé Céadaoin, 15 Aibreán 2026.

Na hábhair atá i gceist:

  • Corpoideachas
  • Innealtóireacht
  • Saol, Pobal agus Obair
  • Teicneolaíocht Foirgníochta
  • Tíreolaíocht

Cuirfear an tsraith seo, a dearadh i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, ar fáil thar thréimhse coicíse ón Mháirt 5 Bealtaine go dtí an Aoine 15 Bealtaine. Dearadh an sceideal chun rogha agus solúbthacht a thabhairt do cheannairí scoile agus múinteoirí agus iad ag clárú do na seimineáir ghréasáin seo. Cuirfear ionadaíocht ar fáil.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais agus chun rochtain a fháil ar chlárú Oide.

Back to Top