Cuardaigh

IS do Cheannairí: Cuspóir, Pleanáil, Beartais agus Cleachtas (Bunscoil)

IS do Cheannairí: Cuspóir, Pleanáil, Beartais agus Cleachtas

Eispéireas Foghlama Gairmiúla do lá iomlán do Phríomhoidí Bunscoile agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, a thacaíonn le ceannairí scoile dul i ngleic go muiníneach agus go straitéiseach leis an Intleacht Shaorga san oideachas.

Fiosróidh rannpháirtithe an Cur Chuige praiticiúil 4P:

  • Cuspóir – Soiléirigh an ‘fáth’ atá le húsáid IS i do scoil
  • Cleachtas – Déan machnamh ar dhea-chleachtas agus forbair leideoireacht éifeachtach
  • Beartais – Sainaithin príomhcheisteanna agus uasdátaithe do bheartais scoile
  • Pleanáil – Bain úsáid as an gCreat Foghlama Digití chun comhtháthú eiticiúil agus freagrach IS a threorú

Bí páirteach le comhghleacaithe i d’Ionad Oideachais áitiúil le haghaidh lá dírithe agus praiticiúil a thacaíonn le ceannaireacht fhreagrach agus fhísúil i dtimpeallacht dhigiteach atá ag forbairt go tapa.

Fill ar an Leathanach Roimhe

Back to Top