Cuardaigh

Forbairt Ceannaireachta – Seisiúin Foghlama Gairmiúla

Cuirfidh an Rannán Ceannaireachta Oide fáilte roimh 250 Mheantóir do Phríomhoidí go Baile Átha Luain ón 21-24 Aibreán le haghaidh dhá sheisiún foghlama gairmiúla a dhíreofar ar fhorbairt na ceannaireachta.

As a gcuid oibre le príomhoidí nuacheapaithe, cuireann Meantóirí Oide do Phríomhoidí spás tacúil iontaoibhe le haghaidh machnaimh agus forbairt ghairmiúil ar fáil. De bharr an ama seo a chuirtear i leataobh do phríomhoidí nua, tugtar deis dóibh chun a machnamh a dhéanamh ar chleachtas, chun spriocanna fiúntacha a leagan amach, pleananna gnímh a fhorbairt, agus chun cur lena muinín mar chleachtóirí neamhspleácha.

Ar an taobh eile, baineann meantóirí leas as an bhfoghlaim chómhalartach agus as an deis chun tabhairt ar ais don gcóras, agus iad i mbun cineál tacaíochta ar shuntasach dóibh é nuair a chuir siad tús lena n-aistear príomhoideachta féin.

Dhá uair sa bhliain, tagann Meantóirí Ceannaireachta Oide le chéile le haghaidh foghlama gairmiúla ina ndéantar athnuachan ar a scileanna meantóireachta agus ina gcothaítear pobal cleachtais comhoibríoch, rud a chuireann ar chumas meantóirí foghlaim le chéile agus a gcuid léargas agus eispéireas a roinnt.

Back to Top