Meantóireacht

Meantóireacht

Cén rud é Meantóireacht Oide:  

Déantar cur síos ar mheantóireacht mar ‘phróiseas a dearadh chun cabhrú le gairmithe agus iad a spreagadh a gcuid foghlama féin a bhainistiú, a n-acmhainneacht a uasmhéadú, a gcuid scileanna a fhorbairt agus a bhfeidhmíocht a fheabhsú.’ (Cúrsaí Meantóireachta, Albain). 

Cuireann Ceannaireacht Oide tacaíocht fhoirmiúil mheantóireachta ar fáil do gach príomhoide bunscoile agus iar-bhunscoile nuacheaptha dá gcéad bhliain sa ról.  

Is í an fhís atá ag Ceannaireacht Oide don mheantóireacht pobal ceannairí scoile, a bhraitheann go bhfuil tacaíocht acu agus meas orthu mar ghairmithe, agus a oibríonn i scoileanna ina bhfuil meantóireacht mar chuid de chultúr na heagraíochta. 

An Próiseas Meaitseála  

Úsáideann Ceannaireacht Oide bunachar sonraí meantóirí chun meantóirí agus meantaithe a mheaitseáil. Féachann an fhoireann ar thaithí agus ar shaineolas an mheantóra, a gcomhthéacs agus a suíomh geografach chun iad a mheaitseáil le príomhoide nuacheaptha. Déanann na príomhoidí iarratas ar rochtain ar mheantóir le Ceannaireacht Oide trí phróiseas iarratais Misneach. 

An Caidreamh Meantóireachta  

De ghnáth, tosaíonn an caidreamh meantóireachta i mí Mheán Fómhair agus críochnaíonn sé i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh. Tar éis an chéad chruinnithe idir meantóir agus meantaí ina sínítear Comhaontú Meantóra-meantaí , molann Ceannaireacht Oide go mbeadh cruinniú dhá uair an chloig sceidealta in aghaidh na míosa. Ag an gcéad chruinniú, déantar na hamanna agus na hionaid do chruinnithe amach anseo a bheartú. Tá teagmháil ghearr choicísiúil roghnach. De ghnáth is meascán de rannpháirtíochtaí duine le duine agus ar líne iad na cruinnithe seo. Ag deireadh na bliana acadúla, trí chomhaontú foirmiúil comhroinnte sonraí a úsáid, soláthraíonn Ceannaireacht Oide ainmneacha na ndaoine ar an gclár meantóireachta do CNPLP/LPBÉ ionas gur féidir leo Meantóireacht Ghrúpa a eagrú do phríomhoidí sa dara bliain dá ról mar phríomhoide. 

Clár Foghlaim Gairmiúil a Fhorbairt do Mheantóirí Molta  

Bunaithe ar thaighde meantóireachta i ndlínsí eile cosúil le hAlbain, Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Astráil, forbraíodh clár oiliúna meantóireachta. Léiríonn an clár seo obair Fhoireann Ionduchtaithe Oide a chabhraíonn le hionduchtú múinteoirí nuacháilithe trí Phróiseas Ionduchtaithe Droichead. Forbraíodh an clár bunaithe ar scileanna, prótacail agus nósanna imeachta na meantóireachta agus aithníodh príomhchainteoirí chun cabhrú le modúil an chláir. Bíonn oiliúint mheantóireachta Cheannaireacht Oide ar siúl thar 3 lá (2 x 1.5 lá) in áit lárnach. Cuirtear clúdach ionadaíochta ar fáil don dara lá den oiliúint do phríomhoidí riaracháin agus don dá lá do phríomhoidí teagaisc má bhíonn an t-achar go dtí an t-ionad oiliúna fada go maith. Tarlaíonn an oiliúint seo ar bhonn bliantúil de ghnáth agus cuirtear chun cinn í ar shuíomh gréasáin Oide agus trí na meáin shóisialta le cúnamh comhoibríoch ó pháirtithe leasmhara. 

Rochtain ar Sheirbhís Meantóireachta Cheannaireacht Oide  

Chun teacht ar Mheantóir Cheannaireacht Oide, cláróidh an príomhoide nuacheaptha do Chlár Misneach agus rachaidh Ceannaireacht Oide i dteagmháil leis an bpríomhoide nuacheaptha maidir le Meantóir a eagrú. 

Forléargas ar Mheantóireacht Shaincheaptha do Phríomhoidí Scoile

D’fhorbair Ceannaireacht Oide próiseas foirmiúil meantóireacht shaincheaptha 1:1 chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do Phríomhoidí scoile ina gcuid obair laethúil. Cuirfidh meantóireacht shaincheaptha leis na tacaí córais eile atá ar fáil do cheannairí scoile ó LPBÉ, CNPLP, ceardchumainn na múinteoirí, forais iontaobhais agus bhainistíochta.

 Tá an tacaíocht seo dírithe ar:

  • Rochtain ar mheantóireacht a chur ar fáil do gach Príomhoide
  • Tacú leis na héilimh iomadúla a bhaineann le Príomhoideach
  • Aghaidh a thabhairt ar leithlisiú sa ról
  • Ag díriú ar chaidreamh a chothú i bpobal na scoile
  • Béim a leagan ar na buntáistí agus na pribhléidí a bhaineann le ról na Príomhoideachta
Meantóireacht Shaincheaptha Cheannaireacht Oide

Bíonn an Mheantóireacht Shaincheaptha foirmitheach agus forbarthach, éascaítear í i gcaidreamh foirmiúil meantóireachta duine le duine. Baineann sé le cumas an phríomhoide a mhéadú agus cumas an phríomhoide a fhorbairt, ní hamháin chun a scileanna gairmiúla agus pearsanta féin a fhorbairt. ach freisin scileanna a bhfoirne ceannaireachta, agus phobal uile na scoile.

Mar is gnách le gairm ar bith, tá sé de fhreagracht ar an bpríomhoide, freastal ar a c(h)uid riachtanas foghlaim ghairmiúil féin. Molann Ceannaireacht Oide rannpháirtíocht leanúnach leis an bhfoghlaim ghairmiúil ábhartha do phríomhoidí le linn a ngairme. Má chinneann príomhoidí tabhairt faoi mheantóireacht shaincheaptha Cheannaireacht Oide, is ionchais bhunúsacha iad leis prionsabail na foghlama aosaí eadhon rúndacht, rannpháirtíocht agus freagracht a ghlacadh as a bhfoghlaim ghairmiúil féin. Thug príomhoidí a bhain úsáid as tacaíocht Meantóireacht Shaincheaptha Cheannaireacht Oide le fios gur bhain siad taitneamh as duine éigin a bheith acu chun labhairt leo i modh rúin, go háirithe duine a bhí ina phríomhoide agus a thuigeann na dúshláin a bhíonn i gceist.

Meantóirí Saincheaptha Cheannaireacht Oide

Is ceannairí scoile a chuaigh ar scor le déanaí iad Meantóirí Saincheaptha Cheannaireacht Oide a rinne an chéad oiliúint mheantóireachta Cheannaireacht Oide. Ina theannta sin, ghlac siad páirt i níos mó ná 20 uair an chloig de shainoiliúint. Cinntíonn an oiliúint seo, in éineacht le seisiúin chleachtais fhairsinge, go mbíonn ar a gcumas cabhrú le príomhoidí i scoileanna.

Ról Mheantóir Saincheaptha Cheannaireacht Oide

Is é ról an Mheantóra Shaincheaptha le Ceannaireacht Oide ról ceannaire scoile a bhíonn ag obair le ceannaire scoile eile d’fhonn feabhas a chur ar a gcleachtas ceannaireachta agus bainistíochta. Agus an tseirbhís seo á cur ar fáil, beidh fócas an Mheantóra Shaincheaptha le Ceannaireacht Oide teoranta don eolas, na scileanna, na meonta agus na straitéisí a bhaineann le ceannaireacht agus le bainistíocht scoile. Beidh sé/sí á threorú ag fís, misean agus luachanna Thacaíocht Mheantóireachta Cheannaireacht Oide do Phríomhoidí nuacheaptha, agus an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do phríomhoidí chun cabhrú le foghlaim a gcuid scoláirí.

Atreorú chuig Tacaíocht Mheantóireacht Shaincheaptha Cheannaireacht Oide

Beidh teacht ar an tacaíocht shaincheaptha seo trí theagmháil dhíreach ón bpríomhoide. Mar sin féin, d’fhéadfadh páirtithe leasmhara a bhíonn ag obair le príomhoidí, boird scoile, an RO (An Roinn Oideachais) agus comhghleacaithe gairmiúla eile príomhoidí a spreagadh leas a bhaint as an tacaíocht seo. Mar sin féin, ní féidir ach leis an bpríomhoide féin an cinneadh a dhéanamh dul i mbun na seirbhíse agus clárú di.

Ag dul i ngleic leis an Tacaíocht

Rachaidh an príomhoide i dteagmháil le Stiúrthóir /Comhordaitheoir Cheannaireacht Oide, don bhunscoil nó don iar-bhunscoil. De rogha air sin, is féidir teacht ar an tacaíocht seo trí Sheirbhís Treoir Ghairmiúil LPBÉ ar 1890 21 22 23 nó Oifig CNPLP ar 01-6627025. Rachaidh LPBÉ / CNPLP i dteagmháil le Leas-Stiúrthóir/Comhordaitheoir Cheannaireacht Oide a dhéanfaidh socrú don phríomhoide ansin de réir comhthéacs agus tíreolaíochta.

Iarrfar ar an bpríomhoide a dheimhniú gur mian leis freastal ar sheisiún iniúchta tosaigh leis an meantóir sin. Is féidir meantóir eile a shocrú má mheasann an príomhoide nach bhfuil sé oiriúnach go gairmiúil dul i dteagmháil leis an meantóir molta.

Rachaidh Meantóir Saincheaptha Cheannaireacht Oide i dteagmháil leis an bpríomhoide chun suíomh agus dáta an tseisiúin tosaigh a shocrú. Tá Ceannaireacht Oide den bharúil gur fearr cruinnithe duine le duine don tseirbhís shaincheaptha seo. Mar sin féin, d’fhéadfadh meantóirí agus príomhoidí a bhíonn ag plé leis an tacaíocht teacht le chéile ar líne uaireanta má aontaíonn an dá pháirtí leis sin.

Fad an chaidrimh

Braithfidh fad an chaidrimh ar na cúinsí ar leith i scoil an phríomhoide. Go ginearálta, táthar ag súil go nglacfaidh an príomhoide páirt i dtrí chruinniú a mhairfidh uair go leith agus go bhféadfadh trí chruinniú eile a bheith ann ina dhiaidh sin, má mheastar gur gá a leithéid.

Teagmháil

Más mian leat leas a bhaint as an tseirbhís rúnda seo, déan teagmháil dhíreach le Ceannaireacht Oide trí ríomhphost a sheoladh chuig: geraldine.mcnamara.@oide.ie nó leadership@oide.ie

Back to Top