Tá an próiseas maidir le hiarratais ar an tacaíocht ionscoile don bhliain acadúil 2025/2026 druidte anois.
Osclófar an próiseas maidir le hiarratais ar an tacaíocht ionscoile don scoilbhliain 2026-2027 ag tús na chéad bhliana acadúla nua.
Forléargas ar Thacaíocht Ionscoile Oide
Soláthraíonn Oide tacaíocht chomhthéacsaithe ionscoile le linn/tar éis uaireanta scoile i réimsí tosaíochtaí éagsúla. Is féidir linn é sin a chur ar fáil ar na dóigheanna seo:
Ag obair le ceannairí scoile
Ag obair le foirne iomlána (2 uair an chloig ar a laghad)
Ag obair le grúpaí múinteoirí
Ag léiriú cur chuige oideolaíochta sa seomra ranga
Tacaíocht Leanúnach (tuilleadh eolais thíos)
Trí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ionscoile, tiocfaidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide ar cuairt chuig do scoil chun tacaíocht a sholáthar a chuirfear in oiriúint do shainriachtanais na scoile.
Tacaíocht Leanúnach
Tá tacaíocht ionscoile Oide ar fáil ar bhonn leanúnach freisin. Tá cineál níos doimhne d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí i gceist leis an Tacaíocht Leanúnach atá dírithe ar chumas inmheánach scoile a fhorbairt, rud a chuireann ar chumas scoileanna athrú a bhrú chun cinn agus a dhaingniú mar phobail neamhspleácha foghlaimeoirí.
Cuirtear an tacaíocht ar fáil thar thréimhse ama, ina mbíonn ceannairí scoile agus múinteoirí ag obair i dtreo spriocanna soiléire atá comhaontaithe. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn ár gCeannairí Foghlama Gairmiúla le múinteoirí chun athmhachnamh a dhéanamh le chéile agus chun láidreachtaí agus riachtanais a aithint go comhoibríoch roimh chinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun cinn dá scoil.
Príomhshonraí– Sula ndéantar iarratas ar Thacaíocht Ionscoile:
Smaoinígí mar fhoireann scoile ar thosaíochtaí na scoile do 2026/2027.
Tá uimhir rolla agus pasfhocal na scoile a tugadh duit sa ríomhphost a ghabhann leis seo ag teastáil chun logáil isteach.
Ní mór don Cheannaire Scoile iarratas a fhaomhadh.
Cinntigh go nuashonraítear sonraí na scoile de réir mar is cuí.
Is féidir le scoileanna suas le trí rogha a shonrú; rangaigh iad seo in ord tosaíochta.
Nuair a chuirtear iarratas isteach, ní féidir é a chur in eagar ach trí ríomhphost a sheoladh chuig primarysupport@oide.ie
Roghanna Tacaíochta Bunscoile 2026 – 2027
Is féidir le scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú, rangaigh iad in ord tosaíochta.
Cur chuige Ionchuimsitheach maidir le freastal ar riachtanais na bpáistí ar chontanam na tacaíochta
Bunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
Gaeilge mar Theanga Bhreise- Bunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
Tacaíocht shaincheaptha don Chomhthéacs i Scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Teicneolaíochtaí Digiteacha don Fhoghlaim, don Teagasc agus don Mheasúnú (roghnaigh suas le dhá cheann de na roghanna seo a leanas)
Foghlaim Dhigiteach a Phleanáil
Teicneolaíochtaí Digiteacha don Fhoghlaim, don Teagasc agus don Mheasúnú (Lena n-Áirítear IS, AR/VR, Réaltacht Bhreisithe/Réaltacht Fhíorúil agus Smaointeoireacht
Saoránacht Dhigiteach
Ábhar Digiteach Scoláiredhéanta
Punanna Digiteacha
An Béarla mar Theanga Bhreise
Curaclam Teanga na Bunscoile
Ullmhúchán gearrthéarmach do Churaclam Teanga na Bunscoile
Curaclam Teanga na Bunscoile i gCleachtas
Tacaíocht do Scoileanna atá ag teacht leis an bPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
Ionduchtú Droichead – Ag tacú leis an bpróiseas Droichead