Sa rannán seo, tá na hábhair foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta gur féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil aonair nó forbairt faoi stiúir na scoile i ngach réimse de theicneolaíochtaí digiteacha.
Fiosraigh ár gcuid seimineáir gréasáin, á gcur i láthair ag foireann Teicneolaíochtaí Digití Oide I measc na n-ábhar faoi chaibidil tá conas plé leis an Creat Foghlama Digití, cuir chuige i leith foghlaim chumaisc agus go leor straitéisí eile i leith foghlaim dhigiteach.
Forbhreathnú ar EFG IS do Cheannairí:
Eispéireas Foghlama Gairmiúla do lá iomlán do Phríomhoidí Bunscoile agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, a thacaíonn le ceannairí scoile dul i ngleic go muiníneach agus go straitéiseach leis an Intleacht Shaorga san oideachas.
Fiosróidh rannpháirtithe an Cur Chuige praiticiúil 4P:
Cuspóir – Soiléirigh an ‘fáth’ atá le húsáid IS i do scoil
Cleachtas – Déan machnamh ar dhea-chleachtas agus forbair leideoireacht éifeachtach
Beartais – Sainaithin príomhcheisteanna agus uasdátaithe do bheartais scoile
Pleanáil – Bain úsáid as an gCreat Foghlama Digití chun comhtháthú eiticiúil agus freagrach IS a threorú
Ábhar Tacaíochta:
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.
Sleamhnáin Eispéireas Foghlama Gairmiúla:
Forbhreathnú ar na tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digití i Scoileanna 2025 Seimineáir Ghréasáin 1: Teicneolaíochtaí Digiteacha a Leabú
Déan iniúchadh ar na hacmhainní agus na tacaíochtaí atá ar fáil do cheannairí digiteacha maidir le pleanáil foghlama digití agus foghlaim ghairmiúil múinteoirí.
Ábhar Tacaíochta:
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin do Bhunscoileanna 1:
Forbhreathnú ar na tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digití i Scoileanna 2025 Seimineáir Ghréasáin 2: Bonneagair Teicneolaíochta Digiteach
Déan iniúchadh ar na tacaíochtaí atá ar fáil don bhonneagar digiteach lena n-áirítear leathanbhanda agus creataí ceannaithe.
Ábhar Tacaíochta:
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.
Seimineár Gréasáin do Scoileanna Iar-bhunscoile 2:
Forbhreathnú ar na tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digití i Scoileanna 2025 Seimineáir Ghréasáin 3: Beartais agus Tionscnaimh sa Todhchaí
Déan iniúchadh ar bheartais ábhartha scoile i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha. Tabharfar breac-chuntas freisin ar thionscnaimh atá le teacht.
Ábhar Tacaíochta:
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.
