IS do Cheannairí: Cuspóir, Pleanáil, Beartais agus Cleachtas
Eispéireas Foghlama Gairmiúla do lá iomlán do Phríomhoidí Bunscoile agus do Phríomhoidí Tánaisteacha, a thacaíonn le ceannairí scoile dul i ngleic go muiníneach agus go straitéiseach leis an Intleacht Shaorga san oideachas.
Fiosróidh rannpháirtithe an Cur Chuige praiticiúil 4P:
- Cuspóir – Soiléirigh an ‘fáth’ atá le húsáid IS i do scoil
- Cleachtas – Déan machnamh ar dhea-chleachtas agus forbair leideoireacht éifeachtach
- Beartais – Sainaithin príomhcheisteanna agus uasdátaithe do bheartais scoile
- Pleanáil – Bain úsáid as an gCreat Foghlama Digití chun comhtháthú eiticiúil agus freagrach IS a threorú
Bí páirteach le comhghleacaithe i d’Ionad Oideachais áitiúil le haghaidh lá dírithe agus praiticiúil a thacaíonn le ceannaireacht fhreagrach agus fhísúil i dtimpeallacht dhigiteach atá ag forbairt go tapa.
