Cuardaigh

Ag Ceiliúradh na hIdirbhliana: Machnamh agus Athnuachan Lá 2

Ag Ceiliúradh na hIdirbhliana: Machnamh agus Athnuachan Lá 2

Eispéireas Foghlama Gairmiúla Lae Iomláin do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana

Dátaí: Márta 2025 – Bealtaine 2025

Suíomh: Ar fud na tíre – Féach Áirtithintí Imeachtaí

Leis an eispéireas foghlama gairmiúla lae iomláin do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana (IB) déanfar machnamh ar phróiseas iniúchta na hIdirbhliana go dtí seo agus déanfar pleanáil le haghaidh tuilleadh athnuachana. Fiosrófar deiseanna chun cur chuige don scoil uile a ghlacadh i leith an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe san Idirbhliain agus fiosróidh na rannpháirtithe freisin an próiseas chun foghlaim an scoláire a ghabháil trí phunann Idirbhliana an scoláire.

Tá clárú teoranta do 1 Chomhordaitheoir Cláir / Idirbhliana in aghaidh na scoile. Cuirfear clúdach ionadaíochta ar fáil, nuair is gá. Ba chóir do rannpháirtithe gléas lánluchtaithe agus cáipéisíocht ar a bpróiseas iniúchta Idirbhliana a thabhairt leo mar b’fhéidir go gcaithfeadh sibh tagairt a dhéanamh do na míreanna sin le linn an EFG.

Chun clárú le haghaidh áite, cliceáil anseo https://oide.ie/ga/muinteoiri/ agus cuardaigh ‘EFG trí mheán na Gaeilge – Ag Ceiliúradh na hIdirbhliana: Machnamh agus Athnuachan Lá 2 Eispéireas Foghlama Gairmiúla Lae Iomláin’.

Back to Top