Cuardaigh

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a Threorú i do Scoil

Tá cuireadh ó Oide le tabhairt do cheannairí scoile freastal ar eispéireas foghlama gairmiúla ina ndíreofar ar chur chun cinn an aistir d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí i do scoil.

Reáchtálfar an tsraith réigiúnach seo d’Eispéiris Foghlama Gairmiúla idir Márta agus Bealtaine 2025.

Cuirfear deis ar fáil san imeacht seo léargais a fháil chomh maith le muinín a chothú le do cheannscríbe d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a bhaint amach.

Díreofar go soiléir ar phríomhthosaíochtaí a thabhairt don fhoghlaim, don teagasc agus don mheasúnú is éifeachtaí ar mhaithe le gnóthachtáil na scoláirí a chur chun cinn. Cuimseofar sa chur chuige seo chomh maith an t-ionchuimsiú, inrochtaineacht agus na prionsabail do Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) chun tacú le riachtanais leathain foghlama.

Cliceáil anseo do na sonraí cláraithe imeachta.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Back to Top