Athmhachnamh agus Athnuachan: An Idirbhliain a Ghlacadh Chugainn Féin

Eispéireas Foghlama Gairmiúla Lae Iomláin do Cheannairí Scoile agus do Chomhordaitheoirí Idirbhliana.

Dátaí: Mí na Samhna 2024 – Feabhra 2025
Suíomh: Ar fud na tíre – Féach Áirtithintí Imeachtaí

Tríd an Eispéireas Foghlama Gairmiúil iomlán lae seo do Cheannairí Scoile agus do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana (IB), tabharfar deis do rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar Chlár reatha Idirbhliana a scoile agus é a iniúchadh le linn na scoilbhliana 2024 / 2025 de réir nuashonrú Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, agus ag an am céanna páirt a ghlacadh i bplé gairmiúil agus i bpleanáil gníomhaíochta.

Tá clárúchán teoranta do 2 rannpháirtí in aghaidh na scoile, 1 Cheannaire Scoile agus 1 Chomhordaitheoir Idirbhliana. Ní mór do rannpháirtithe cóip dhigiteach nó fhisiciúil de Ráiteas Chlár na hIdirbhliana a thabhairt leo chuig an ócáid.

Cuirtear clúdach ionadaíóchta ar fáil, nuair is gá.

Chun clárú le haghaid áite, cliceáil anseo agus cuardaigh ‘Athmhachnamh agus Athnuachan: An Idirbhliain a Ghlacadh Chugainn Féin’ Eispéireas Foghlama Gairmiúil Iomlán Lae.

Dáta dlite : 27 Feabhra 2025

Return to Previous Page

Back to Top