Bhur gclár Idirbhliana a athnuachan: Acmhainní chun machnaimh ar bhur gcuraclam Idirbhliana a ghabháil

Tá sraith acmhainní foilsithe ar shuíomh gréasáin Curriculum Online, ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) chun tuairimí a ghabháil ar churaclam Idirbhliana scoile. Is é cuspóir an bhosca uirlisí seo cuidiú le scoileanna le machnamh a dhéanamh ar a gcuraclam Idirbhliana agus an curaclam céanna a athnuachan.

Is Foireann Comhordaitheoirí idirbhliana a dhear na trí acmhainn, ar cuireadh eiseamláirí leo, agus is é an teideal atá orthu 'Machnamh a dhéanamh ar ár gcuraclam', ‘Machnamh a dhéanamh ar thaithí ár scoláirí’, agus 'Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna'.

Is féidir rochtain a fháil ag anseo.

Return to Previous Page

Back to Top