Bí Sábháilte: Ceardlanna thráthnóna ar líne

Is clár scileanna do shábháilteacht phearsanta é an clár Bí Sábháilte do bhunscoileanna. Is é aidhm an chláir an baol a bhaineann le mí-úsáid páistí agus le bulaíocht a mhaolú tríd oideachas i sábháilteacht phearsanta a sholáthar do pháistí agus oiliúint a chur ar mhúinteoirí, ar bhoird bhainistíochta scoileanna agus ar thuismitheoirí. Tá sé leagtha amach ó thaobh na forbartha de chun cur ar chumas múinteoirí bunscoile oideachas ar chosc ar mhí-úsáid a sheachadadh ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna sábháilteachta pearsanta amhail mí-úsáid fhisiceach, mhothúchánach agus mí-úsáid ghnéasach chomh maith le bulaíocht agus an baol ó strainséirí. Tá sé leagtha amach ó thaobh na forbartha de chun cur ar chumas múinteoirí bunscoile oideachas ar chosc ar mhí-úsáid a sheachadadh ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna sábháilteachta pearsanta amhail mí-úsáid fhisiceach, mhothúchánach agus mí-úsáid ghnéasach chomh maith le bulaíocht agus an baol ó strainséirí.

Tá an cheardlann seo do mhuinteoirí bunscoile do gach leibhéal ranga. Maireann an cheardlann tráthnóna ar líne dhá uair an chloig. Is féídir clárú anseo.

Iarrtar ar mhúinteoirí a gcóip féin den clár Bí Sábháilte a bheith acu. Is féidir íoslódáil a dhéanamh anseo.

Back to Top