Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag earcú do Bhainisteoirí Scrúduithe agus Measúnaithe

Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag earcú do Bhainisteoirí Scrúduithe agus Measúnaithe faoi láthair.

Ag tuairisciú do Cheannaire Cúnta ar an Rannán Scrúduithe agus Measúnaithe, beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as scrúduithe agus ábhair eile a bhaineann le scrúduithe a ullmhú, agus as bainistiú a dhéanamh ar mharcáil na scrúduithe agus ar phróiseas achomhairc na scrúduithe sannta.

Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná 3i.n Déardaoin 22 Feabhra 2024.

Tá folúntais ann faoi láthair do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe sna réimsí seo a leanas:

- Béarla nó Drámaíocht, Scannánaíocht agus Staidéar Amharclannaíochta

- Stair nó Polaitíocht agus Sochaí

- Ceimic

- Tíreolaíocht nó Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt

Tá sonraí iomlána an róil, lena n-áirítear sainriachtanais incháilitheachta ar fáil ar publicjobs.ie.

Back to Top