Tá áthas orainn cuireadh a chur ort chuig Comhdháil Ríomheolaíochta Oide atá ar siúl ar an 10 Aibreán in Óstán an Shearwater i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe ag 10r.n. Is deis iontach í an ócáid seo duit mar cheannaire scoile iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hoideachas Ríomheolaíochta dul chun tairbhe do do scoláirí, freastal ar na héilimh mhéadaitheacha ar scileanna digiteacha, agus tacú le d'fhoireann eispéiris foghlama ardchaighdeáin a sholáthar sa réimse seo.
Buaicphointí na Comhdhála:
- Príomhchainteoir, an Dr. Eileen Culloty ó OCBÁC
- Ceardlanna agus seastáin taispeántais á gcur i láthair ag daltaí bunscoile
- Plé painéil ar Shaoránacht Dhigiteach
