Oiliúint FTG

Cuireann an Rannóg Ionduchtúcháin Oide Droichead oiliúint trí lá ar fáil do bhaill na Foirne Tacaíochta Gairmiúla (FTG) chun cur ar chumas scoil tacú le MNCanna trína bpróiseas Droichead. Is éard atá i FTG ná múinteoirí a bhfuil taithí acu agus atá lánchláraithe, go hidéalach le taithí cúig bliana (d'fhéadfadh an príomhoide a bheith san áireamh). Clúdaítear gach gné den phróiseas Droichead i rith oiliúint FTG. 

Tá sonraí maidir le dátaí traenála ar fáil trí teagmháil a dhéanamh le  aine.kilbride@oide.ie.

Back to Top