Tá ríméad ar Fhoireann Bunscoile Oideachas Ealaíon Oide sonraí a roinnt maidir lenár nEispéireas Foghlama Gairmiúla (EFG) idirghníomhach ar líne: Gníomhú a Ghnóthú sna hEalaíona. San EFG seo trí mheán an Bhéarla leagfar béim ar an ngá atá le cur chuige cuimsitheach a chothú agus a fhorbairt i leith gníomhú foghlaimeoirí sna hEalaíona, ag gach céim den fhoghlaim. Éascóidh an EFG seo comhoibriú agus forbróidh sé tuiscint ar ghníomhú foghlaimeoirí. Beidh deis ag rannpháirtithe straitéisí a iniúchadh agus a roinnt chun tús áite a thabhairt do ghníomhú foghlaimeoirí in oideachas ealaíon ina suíomh féin. Sonraí thíos agus cláraigh anseo.
