Tá tairseach chlárúcháin nua ar líne, Clárú Oide, á tabhairt isteach ag Oide.
Úsáidfear an tairseach seo chun dátaí dúnta scoile don bhliain acadúil 2025/2026 a chur in iúl, chomh maith le múinteoirí a chlárú chun freastal ar Eispéiris Foghlama Gairmiúla (EFGanna) le linn am scoile.
Gheobhaidh scoileanna ríomhphost uathoibrithe ó @oide.ie níos déanaí an mhí seo ag an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil i do thuairisceáin chuig Roinn an Oideachais agus Óige do Dheireadh Fómhair 2024. Cuimseoidh an ríomhphost seo do shonraí logála isteach, do phasfhocal san áireamh.
Seiceáil d'fhillteán turscair/dramhphoist, le do thoil, mar beidh sonraí riachtanacha logála isteach sa ríomhphost seo.
Ionas nach gcaillfear nuashonruithe amach anseo, lean na treoracha ábhartha (bunaithe ar do sholáthraí ríomhphoist) le cinntiú go bhfuil an seoladh sábháilte.
