Tá ábhair foghlama gairmiúla agus acmhainní tacaíochta sa chuid seo ar féidir iad a úsáid chun cabhrú le foghlaim ghairmiúil sa Pholaitíocht agus sa tSochaí.
EFG 2025/2026
EFG 2025/2026
Forléargas ar Cheardlann EFG:
San eispéireas foghlama gairmiúla seo, tacaítear le múinteoirí cúinsí a chothú don smaointeoireacht chriticiúil, don phleanáil oiriúnaitheach agus don chomhrá comhoibríoch, chomh maith le fócas ar leith ar an bpróiseas fiosrúcháin chun cur leis an bhfoghlaim i bPolaitíocht agus Sochaí. Tugtar deis leis an EFG chun bheith ag obair go comhoibríoch le comhghleacaithe agus ag tacú le cumas comhghníomhúcháin sa seomra ranga, rud a chuireann ar chumas na rannpháirithe scileanna oideolaíocha agus eolas ábhair a fhorbairt, lena n-áirítear dul i ngleic le Ráiteas an Chláir Idirbhliana agus deiseanna do mhicreamhodúl a fhiosrú.
Tuairisc ar Thionscadal Saoránachta Comhoibríocha
Tuairisc ar Thionscadal Saoránachta Comhoibríocha
Forléargas ar Cheardlann EFG:
Tuiscint níos doimhne ar shaoránacht ghníomhach, athmhachnamhach, rannpháirteach a fhorbairt agus tuiscint níos doimhne ar an bhfoghlaim sa seomra ranga maidir leis an bPolaitíocht agus an tSochaí.
Forléargas ar Cheardlann EFG 2023/2024:
Is é fócas an EFG seo múinteoirí nua agus múinteoirí atá ag filleadh ar an bPolaitíocht agus ar an tSochaí a mhealladh i gcuir chuige chun rannpháirtíocht na scoláirí a chothú agus a fheabhsú i leith argóintí a chur le chéile a bhfuil fianaise tacaíochta leo agus le meastóireacht a dhéanamh ar -theoiricí príomhsmaointeoirí de réir mar a d’fhorbair siad le himeacht ama. Cabhróidh sé sin le scoláirí a n-ionchur sainiúil féin a chruthú i ndíospóireacht pholaitiúil bunaithe ar mheastóireacht chothrom ar fhianaise agus ar theoiric agus ag an am céanna an t-eolas, na hacmhainní agus an mhuinín a thabhairt do mhúinteoirí chun réimse cuir chuige teagaisc agus foghlama a úsáid chun smaointeoireacht agus scríbhneoireacht chriticiúil, dhioscúrsach a iniúchadh i seomra ranga na Polaitíochta agus na Sochaí.
