NUA! Sábháilteacht Ar Líne agus an tSaoránacht Dhigiteach (Bunscoileanna)

Tá sé d’aidhm ag an gcúrsa nua seo, nach dteastaíonn ach trí uair an chloig d’am staidéir chun é a chur i gcrích, an t‑eolas, na hacmhainní agus an mhuinín a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile chun an tsaoránacht dhigiteach a mhúineadh agus chun do dhaltaí a chumasú le bheith sábháilte, eiticiúil agus freagrach ar líne. Má chaill tú an deis chun tabhairt faoinár gcúrsa samhraidh 20 uair an chloig ar an topaic seo a bhí ar siúl ní ba luaithe sa bhliain, is féidir leat breith suas leis an gcúrsa gairid seo a dhéantar i rith an téarma ina ionad. Tá an cúrsa forbartha ag Teicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide i gcomhair lenár bhfoireann Webwise.

Féach / Cláraigh

Back to Top