Beidh eispéiris foghlama gairmiúla (EFGanna) lánlae ar siúl aghaidh-ar-aghaidh ag Oide do Dhaoine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIAnna) agus do Leas DIAnna.
Díreofar na seisiúin sin ar chur i bhfeidhm na heochaircháipéise curaclaim uasdátaithe, Nósanna Imeachta um Scoileanna 2025, agus beidh siad ar siúl ar fud na tíre ag ionaid oideachais agus ag ionaid ainmnithe go dtí an 3 Deireadh Fómhair.
Ní mór do bhoird bhainistíochta glacadh leis na nósanna imeachta uasdátaithe faoina gcruinniú deireanach roimh an 31 Mí na Nollag 2026, de réir an chiorcláin 0041/2025, a thugann treoir bhreise le haghaidh scoileanna.
Tá clúdach ionadaíochta ar fáil de réir mar a theastaíonn é.

