Is é seo an seachtú heagrán i sraith nótaí faisnéise de chuid na Roinne Oideachais ar Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Cuireann na nótaí seo nuashonruithe ar
fáil do phobail scoileanna ar fheidhmiú céimneach an chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Tá an nóta seo eisithe ag an Roinn chuig gach iar-bhunscoil agus iarrtar é a scaipeadh ar scoláirí, tuismitheoirí agus baill foirne i ngach scoil. Beidh an nóta faisnéise ar fáil ar líne freisin agus tá fáilte roimh scoileanna naisc a sholáthar chuige óna láithreáin ghréasáin agus ó láithreacha digiteacha eile. Amharc