Tá an Dréachtsonraíocht do Staidéar Pobail, Saoil agus Oibre na hArdteiste (ar a dtugtaí GCAT) ceadaithe le haghaidh comhairliúcháin phoiblí. Maireann an tréimhse chomhairliúcháin ón 24 Feabhra go dtí an 25 Aibreán 2025. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le raon leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Tá teagmháil déanta ag CNCM le scoileanna freisin chun páirt a ghlacadh i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe a bhfuil múinteoirí, daltaí agus ceannairí scoile páirteach iontu.