Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar an nasc dár bhFéilire Laethanta Tábhachta 2025. Ta sé mar aidhm ag Laethanta Suntasacha feasacht a ardú ar amanna tábhachtacha i dtraidisiúin reiligiúnacha agus neamhreiligiúnacha éagsúla
le linn 2025.
Gach mí bíonn liosta laethanta ann a bhaineann le staidéar ar an Oideachas Reiligiúnach (OR). Tugtar cur síos gairid ann ar thábhacht an lae a
aithnítear gach mí agus is féidir laethanta breise a chur leo, mar shampla, laethanta atá speisialta do chomhthéacsanna scoile ar leith. Is féidir é
a úsáid laistigh den seomra OR chun tacú le foghlaim bhreise thart ar laethanta spéise do scoláirí.
Is féidir an acmhainn seo a úsáid i staidéar OR sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach araon, ar fud gach clár OR, ar bhealaí éagsúla,
chun tacú le foghlaim faoi, agus ó, thraidisiúin reiligiúnacha agus neamhreiligiúnacha éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú
do ranna OR laethanta suntasacha áirithe a chur isteach ina n-aonaid foghlama chun tacú tuilleadh le forbairt eolais, tuisceana, scileanna,
luachanna agus dearcthaí an scoláire.