Tugtar as dociiméad seo, Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach, mionsonraí faoin gclár cigireachta a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige sa tréimhse Eanáir 2024 – Nollaig 2024.
Cuirtear i láthair ann anailísí achoimre ar chinntí cigireachta ó shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ó bhunscoileanna, ó scoileanna speisialta agus ó iar-bhunscoileanna. Cuirtear i láthair ann freisin machnaimh théamacha ar ghnéithe den soláthar oideachais in Éirinn inniu, bunaithe ar an taighde agus na cigireachtaí a rinne cigirí sa bhliain 2024 agus sa chéad leath den bhliain 2025 agus ar na cuairteanna comhairleacha a thug siad le linn na tréimhse sin.

