Tá lúcháir ar fhoireann bunscoile STEM Oide a fhógairt go bhfuil sé níos éasca anois an Mol Foghlama Ar Líne CMB Oide a úsáid.
Aimsigh agus Scag – CMB
Tá ceithre rannóg ag an bhfeidhm Aimsigh agus Scag: cuardach téacs teidil mar aon le scagairí de réir cineál acmhainne, leibhéal stáitse agus aonad snáithe.
Déanfaidh an cuardach téacs teidil an téarma roghnaithe a chuardach atá le feiceáil i gceannlíne na hacmhainne.
Tá rogha de chineálacha acmhainní ann ar féidir leis an úsáideoir scagadh orthu, m.sh. Eiseamláirí, Cártaí Tasc, Smaoinigh agus Labhair Faoi (Tosaithe Comhrá sa Mhion Mhata), Físeáin srl. Is féidir le múinteoirí leibhéal stáitse amháin nó níos mó a roghnú (do mhúinteoirí ilghráid nó chun críocha dúshlán cuimsitheach), agus aonad snáithe amháin nó níos mó (rud a cheadaíonn nascadh curaclaim).
Tá sé i bhfad níos simplí anois na samplaí d’acmhainní agus na tacaíochtaí a theastaíonn uait a aimsiú.
Cuimhnigh freisin, agus tú ar an Mol Foghlama Ar Líne PMC Oide, go bhfuil tacaíochtaí ann do mhúinteoirí atá ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil ar an PMC i gCleachtas. Féach ar na cur i láthair ar gach ceann de na cúig chleachtas peidiceolaíochta agus ar mheasúnú anseo.