Tá an-áthas ar fhoireann Bunscoile ETIM Oide a fhógairt go mbeidh áirithint le haghaidh Clinicí na gCeannairí ar líne do mhí na Nollag oscailte ag 10.00am amárach, Dé Máirt, an 2 Nollaig.
Beidh na clinicí seo ar fáil i nGaeilge le linn agus tar éis uaireanta scoile do cheannairí scoile agus/nó curaclaim.
Cuirfidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide (CFG) tacaíocht ar bhonn duine le duine chun cabhrú leat CMB a neartú agus a threisiú i do scoil.
Chun go mbeidh an clinic oiriúnach do do scoil, tabhair an oiread eolais agus is féidir ar an bhfoirm áirithinte.
Chun clárú le haghaidh Clinicí na gCeannairí, cliceáil ar an nasc seo
Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh tú ag clárú do chruinniú fiche nóiméad.
Déan cinnte go bhfuil an fhuaim agus an ceamara ag obair roimh ré.
