Spéise don Chlár Reading Recovery 2025/2026

Clár litearthachta scoilbhunaithe, gearrthéarmach is ea Reading Recovery do leanaí i Naíonáin Shinsearacha nó i Rang a hAon (idir cúig bliana, naoi mí agus sé bliana, sé mhí) arna sainaithint ar na gnóthachtálaithe litearthachta is ísle sa chéad bhliain ar scoil.

Múintear páistí ina n-aonar ag múinteoir sainoilte ar feadh 30 nóiméad sa lá ar feadh 12-20 seachtain. Is é an sprioc atá ann go mbeidh na páistí ina bhfoghlaimeoirí litearthachta éifeachtacha agus éifeachtúla a bheidh in ann obair a dhéanamh laistigh de mheánréimse feidhmíochta sa seomra ranga. In Éirinn, baineann ceathrar as gach cúigear páistí an sprioc sin amach go seasta.

Cliceáil anseo chun teacht ar an bhfoirm léirithe spéise. Dúnfar an fhoirm seo ar an Aoine, 28ú Márta.

Back to Top