Cuireann na Nósanna Imeachta Bí Cineálta treoir agus comhairle ar fáil do bhainistíocht agus do phearsanra scoileanna chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht bhulaíochta i scoileanna agus í a chosc. De réir Ciorcláin 55/2024, tá ceanglais na nósanna imeachta tagtha i bhfeidhm ó thús na scoilbhliana, 2025/2026.
Sa seimineár gréasáin, tabharfar aghaidh ar;
- An sainmhíniú ar bhulaíocht
- Cur chuige don oideachas uile maidir le bulaíocht a chosc
- Aghaidh a thabhairt ar iompraíocht bhulaíochta agus í a chosc
- Ceanglais ar scoileanna maidir le nósanna imeachta Bí Cineálta
- Tacaíochtaí agus acmhainní do scoileanna
Chun na dátaí a fheiceáil do na seimineáir ghréasáin, féach ar an bhfógrán anseo nó cliceáil anseo le clárú.
Tugtar treoracha áirithinte thíos.
Céim 1. Chun áirithint a dhéanamh, cliceáil ar anseo.
Céim 2. Scag don ábhar ‘Sláinte agus Folláine’
Céim 3. Cuardaigh ‘Bí Cineálta’
