Cuardaigh

Seimineár gréasáin: Intreoir do Ráiteas an Chláir Idirbhliana do mhúinteoirí na hIdirbhliana

Dearadh an seimineár gréasáin seo chun cabhrú le múinteoirí sula gcuirfear Ráiteas Chlár nua na hIdirbhliana i bhfeidhm le linn na scoilbhliana 2025 / 2026. Tacóidh sé le múinteoirí tuiscint a fhorbairt ar chuspóir, réasúnaíocht, aidhmeanna agus gnéithe de Ráiteas an Chláir Idirbhliana. Beidh an deis ann freisin iniúchadh a dhéanamh ar ról an mhúinteora san Idirbhliain agus smaoineamh ar thréithe a bhaineann le teagasc agus le foghlaim i seomra ranga na hIdirbhliana.

Dáta agus Am: Dé Luain 24ú Feabhra, 2025 (EFG trí mheán an Bhéarla): 19:00 – 20:00

Dé Céadaoin, 5ú Márta, 2025 (Leagan Gaeilge): 16:30 – 17:30

Ionad: Imeacht ar Líne le hOide

Chun clárú don seimineár gréasáin seo agus d’áit a chur in áirithe, cliceáil anseo agus cuardaigh ‘Intreoir do Ráiteas an Chláir Idirbhliana do mhúinteoirí na hIdirbhliana’ imeacht ar líne.

Back to Top