Tá an próiseas maidir le hiarratais ar an tacaíocht ionscoile don bhliain acadúil 2025/2026 druidte anois.
Osclófar an próiseas maidir le hiarratais ar an tacaíocht ionscoile don scoilbhliain 2026-2027 ag tús na chéad bhliana acadúla nua.
Forléargas ar Thacaíocht Ionscoile Oide
Soláthraíonn Oide tacaíocht chomhthéacsaithe ionscoile le linn/tar éis uaireanta scoile i réimsí tosaíochtaí éagsúla. Is féidir linn é sin a chur ar fáil ar na dóigheanna seo:
Ag obair le ceannairí scoile
Ag obair le foirne iomlána (2 uair an chloig ar a laghad)
Ag obair le grúpaí múinteoirí
Ag léiriú cur chuige oideolaíochta sa seomra ranga
Tacaíocht Leanúnach (tuilleadh eolais thíos)
Trí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ionscoile, tiocfaidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide ar cuairt chuig do scoil chun tacaíocht a sholáthar a chuirfear in oiriúint do shainriachtanais na scoile.
Tacaíocht Leanúnach
Tá tacaíocht ionscoile Oide ar fáil ar bhonn leanúnach freisin. Tá cineál níos doimhne d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí i gceist leis an Tacaíocht Leanúnach atá dírithe ar chumas inmheánach scoile a fhorbairt, rud a chuireann ar chumas scoileanna athrú a bhrú chun cinn agus a dhaingniú mar phobail neamhspleácha foghlaimeoirí.
Cuirtear an tacaíocht ar fáil thar thréimhse ama, ina mbíonn ceannairí scoile agus múinteoirí ag obair i dtreo spriocanna soiléire atá comhaontaithe. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn ár gCeannairí Foghlama Gairmiúla le múinteoirí chun athmhachnamh a dhéanamh le chéile agus chun láidreachtaí agus riachtanais a aithint go comhoibríoch roimh chinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun cinn dá scoil.
Príomhshonraí – Sula ndéantar iarratas ar Thacaíocht Ionscoile:
Smaoinígí mar fhoireann scoile ar thosaíochtaí na scoile do 2026/2027.
Tá uimhir rolla agus pasfhocal na scoile a tugadh duit sa ríomhphost a ghabhann leis seo ag teastáil chun logáil isteach.
Ní mór don Cheannaire Scoile iarratas a fhaomhadh.
Cinntigh go nuashonraítear sonraí na scoile de réir mar is cuí.
Is féidir le scoileanna suas le trí rogha a shonrú; rangaigh iad seo in ord tosaíochta.
Nuair a chuirtear iarratas isteach, ní féidir é a chur in eagar ach trí ríomhphost a sheoladh chuig postprimarysupport@oide.ie
Roghanna Tacaíochta Iar-Bhunscoile 2026 – 2027
Is féidir le scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú, rangaigh iad in ord tosaíochta.
Folláine Curaclaim (roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas)
OSSP (CSPE)
Corpoideachas (PE)
OSPS (SPHE)
Teicneolaíochtaí Digiteacha le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe (roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas)
Pleanáil Foghlama Digití
Teicneolaíochtaí Digiteacha le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe (lena n-áirítear IS, AR/VR, Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil)
Saoránacht Dhigiteach
Ábhar Digiteach arna Dhéanamh ag Daltaí
Ionduchtú Droichead – Tacaíocht a thabhairt don Phróiseas Droichead
Béarla mar Theanga Bhreise
Gaeilge mar Theanga Bhreise- Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
Treoirchomhairliú agus Treoirchomhairleoireacht
Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta nó Aonaid lán-Ghaeilge
Tacaíocht d’Aonaid lán-Ghaeilge
Tacaíocht shaincheaptha don Chomhthéacs i Scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Oideachas Ionchuimsitheach
Cláir Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 na Sraithe Sóisearaí
Cláir Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí
Ceannaireacht (roghnaigh suas le 2 cheann de na roghanna seo a leanas)
Pleanáil Straitéiseach a Threorú
Ceannaireacht Ábhair a Phleanáil
Tacaíocht don Mheánbhainistíocht
Ag Tacú leis an bhFoireann Shinsearach Ceannaireachta
Athfhorbairt na Sraithe SinsearaíBheith i gCeannas ar Phleanáil Straitéiseach
Tacaíocht do Chláir (roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas)
ATF (LCA)
IB (TY)
Cur chuige na Scoile Uile maidir le Pleanáil Roinne chun Tacú le Foghlaim na Scoláirí
Cleachtas Athchóiritheach
Tacaíocht a thabhairt d’Ábhair (Roghnaigh dá réir sin agus cuir sa bhosca thíos an t-ábhar/na hábhair mar aon le hachoimre ar an tacaíocht a iarrtar)
An tSraith Shóisearach (Roghnaigh na hÁbhair thíos)
An tSraith Shinsearach (Féach ar an mbosca dearg le teacht ar na hábhair atá ar fáil ag an SS) – agus liostaigh na hábhair ábhartha thíos.
Matamaitic Fheidhmeach
Ealaín
Bitheolaíocht
Béarla
Gnó
Ceimic
Léann Clasaiceach
Teangacha Clasaiceacha
Teicneolaíocht Foirgníochta
Innealtóireacht
Eacnamaíocht
Gaeilge
Tíreolaíocht
Eacnamaíocht Bhaile
Saol, Pobal agus Obair
Matamaitic
Nuatheangacha Iasachta
Fisic
Corpoideachas
An Pholaitíocht agus an tSochaí
Oideachas Reiligiúnach
Teicneolaíocht
Ag Tacú le Plean Gníomhaíochta a dhéanamh do DEIS/ DEIS Plus
Tacaíocht do Scoileanna atá ag teacht leis an bPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla