Tionól Teagaisc Oide 2023/24

Déanfaidh foirne na Gaeilge agus an GhaelAonaid féile foghlama a sholáthar do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna T1 agus T2 ar an 9 Márta 2024. Bailíonn os cionn 300 múinteoirí Gaeilge le chéile ag an Tionól Teagaisc ar bhonn bliantúil agus tá tábhacht agus taitneamh na féile leabaithe go dlúth i measc an lucht freastail! Is in Óstán Theach Killashee, An Nás, Co. Chill Dara (W91 DC98) a bheidh an ócáid ag titim amach sa scoilbhliain reatha. Tabharfaidh an Tionól Teagaisc deis do mhúinteoirí bualadh le chéile i bhfóram aghaidh ar aghaidh chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge. Cuirfear ceardlanna idirghníomhacha ar fáil agus beidh léargais á roinnt ag aoichainteoirí le linn an lae.

Lean an nasc Clárú don Tionól Teagaisc 2023/24 chun clárú.

Beidh tuilleadh eolais faoi chlár an lae ar fáil go luath.

Ba mhór againn dá mbeadh tú linn ar an lá!

Back to Top