Ábhar foghlama ghairmiúla

Is féidir teacht ar ábhar foghlama ghairmiúla agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna EFG a soláthraíodh sa rannóg seo. 

Ceardlann EFG T2 2024/2025
Seisiún 1

Ag deireadh an tseisiúin seo beidh tuiscint níos doimhne againn ar an bhfoghlaim thascbhunaithe agus na tréithe a bhaineann léi chun scileanna teanga na scoláirí a chur chun cinn. Beimid ag féachaint ar na coinníollacha ranga atá ag teastáil don fhoghlaim teanga chomh maith.

CUR I LÁTHAIR

Ábhair Thacaíochta

Seisiún 2

Ag deireadh an tseisiúin seo beidh tuiscint níos doimhne a bheith againn ar conas tabhairt faoi na trí chéim (réamhthasc, linn taisc, iarthasc) a mbaineann leis an bhFoghlaim Thascbhunaithe agus ar thábhacht an mheasúnaithe fhoirmithigh le scileanna teanga na scoláirí a chur chun cinn.

CUR I LÁTHAIR

Ábhair Thacaíochta

Seisiún 3

Ag deireadh an tseisiúin seo beidh tuiscint níos doimhne againn ar thábhacht an aiseolais cheartaithigh chun feasacht teanga na scoláirí a chothú agus iad i mbun Foghlama Tascbhunaithe agus ​ar conas tasc a dhearadh ó thus deireadh le comhthéacs agus rang-ghrúpa curtha san áireamh

CUR I LÁTHAIR

Ábhair Thacaíochta

Ceardlann EFG T2 2023/2024
Seisiún 1

Sa seisiún seo, cothóimid an t-idirghníomhú cainte trí thuiscint níos doimhne a fhorbairt ar luach na ngnéithe suntasacha agus na dtorthaí foghlama.

Físeán CROI
Thinglink
Seisiún 2

Sa seisiún seo, cothóimid an t-idirghníomhú cainte trí dheiseanna úsáide teanga a chruthú.

Genial.ly Seisiún 2
Seisiún 3

Sa seisiún seo, foghlaimeoimid faoi sheánra na drámaíochta mar shlí fhéideartha d’fhorbairt na scile teanga.  

Back to Top