Guímid rath ar gach bunscoil agus iar-bhunscoil atá ag tabhairt faoin tionscadal FCÁT an téarma seo.
Cuireadh tús leis an tionscadal sna bunscoileanna agus sna h-iarbhunscoileanna rannpháirteacha ar an 13 Eanáir 2025. Tréimhse 10 seachtain a bheidh i gceist. Ag an mbunleibhéal, múinfear an mhatamaitic trí mheán na Gaeilge i ranganna na naíonán agus i rang 5 agus 6. Múinfear ábhar scoile eile trí mheán na Gaeilge ag an iar-bhunleibhéal. Cuirfear críoch leis an tionscadal ar an 28 Márta 2025. Oibreoidh na scoileanna as lámh a chéile mar chuid de phobal cleachtais sna cruinnithe tacaíochta seachtainiúla a bheidh acu le héascaitheoirí Oide.
