Eispéireas Foghlama Gairmiúla FCÁT do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile

Tháinig múinteoirí ó na seacht n-iar-bhunscoileanna atá ag glacadh páirte sa tionscadal FCÁT le chéile in Ionad Oideachais Áth Luain Déardaoin 6 Feabhra d’Eispéireas Foghlama Gairmiúla ar FCÁT. Bhí cur i láthair agus ceardlann spreagúil ar FCÁT acu ar maidin le Breandán  Mac Gearailt agus Sinéad Ní Ghuidhir ó Ollscoil na Gaillimhe. San iarnóin bhí deis acu a dtaithí go dtí seo leis an tionscadal a phlé mar aon lena smaointe agus dea-chleachtais a roinnt lena chéile agus iad i mbun pleanála. Eispéireas dearfach, tairbheach a bhí ann do chách.  Guímid gach rath orthu agus iad ag cur na n-aonad FCÁT i bhfeidhm ina scoileanna sna seachtainí atá romhainn.

4143b043 6669 4417 a9f6 a41a566ff555
Back to Top