Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá dírithe ar oideachas na Gaeilge a neartú ar fud na tíre.
Leagtar amach sa Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fís na Roinne Oideachais agus Óige don oideachas lán-Ghaeilge, lena n-áirítear go mbeidh “oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha”. Cuirfear tacaíochtaí ar fáil faoin bpolasaí lena n-áirítear uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí.
Cliceáil anseo chun teacht ar an bPolasaí.

