Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh ár gCéad Tionól Teagaisc Bunscoile do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí bunscoile againn ar an Satharn 25 Aibreán ó 11.00-3.30 in Ionad Oideachas Laoise. Beidh múineadh, foghlaim agus cur chun cinn na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla mar fhócas an lae. Táimid ag súil le réimse leathan eispéiris foghlama gairmiúla agus aoichainteoirí den scoth. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil go luath.
Is féidir clárú anois-Register here https://dms.oide.ie/event
Cuardaigh-“Tionól Teagaisc” agus roghnaigh “Primary”
Bígí Linn agus beidh leat!
Má tá ceist ar bith agat, is féidir teagmháil a dhéanamh/ If you have any further questions, do not hesitate to contact us: eolas@oide.ie

