Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Teagaisc na Bunscoile ar siúl ar an 21ú Samhain 2026 in Óstán an Killeshin, Port Laoise.
Tá an ócáid seo á heagrú mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus díreoidh sí ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a shaibhriú laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Beidh béim ar leith ar fhorbairt na teanga labhartha, ar thuiscint na Gaeilge ó bhéal, agus ar chomhtháthú na scileanna teanga ar bhealaí praiticiúla agus cruthaitheacha a chabhróidh le heispéireas foghlama níos saibhre agus níos taitneamhaí a chruthú do dhaltaí.
Tabharfaidh an tionól deis do mhúinteoirí foghlaim ó shaineolaithe agus ó mhúinteoirí a bhfuil taithí fhairsing acu ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge. Beidh aoi-chainteoirí, ceardlanna idirghníomhacha agus deiseanna líonraithe ar fáil a spreagfaidh múinteoirí chun smaointe nua agus straitéisí éifeachtacha a thabhairt ar ais chuig a seomraí ranga féin.
I measc na n-aíonna agus na n-eagraíochtaí a bheidh páirteach beidh:
- An Dr Claire Dunne (Sealbhú)
- Yvonne Ní Mhurchú (Cigireacht na Roinne Oideachais)
- Ficheall.ie
- COGG
- Gaelbhratach
- Foclóir.ie
Chomh maith leis sin, beidh réimse leathan ceardlann á reáchtáil ag múinteoirí bunscoile a roinnfidh samplaí den dea-chleachtas sa seomra ranga. Taispeánfar bealaí cruthaitheacha agus praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí chluichí cainte, spórt, ceol, gníomhaíochtaí cumarsáide, teicneolaíocht dhigiteach agus go leor eile, rud a thabharfaidh smaointe úra agus inspioráid do gach rannpháirtí.
Bí linn don lá spreagúil seo de chomhroinnt, de chomhoibriú agus de cheiliúradh na Gaeilge sa bhunscolaíocht.
We are delighted to announce that the Primary Teaching Assembly will take place on the 21st November 2026 in the Killeshin Hotel, Portlaoise.
This event is being organised as part of the implementation of the Action Plan for Irish in English-medium Schools and will focus on promoting and enriching the use of Irish inside and outside the classroom. Particular emphasis will be placed on the development of spoken language, on the understanding of oral Irish, and on the integration of language skills in practical and creative ways that will help create a richer and more enjoyable learning experience for pupils. ————————————————-
The gathering will provide teachers with an opportunity to learn from experts and from teachers who have extensive experience in the teaching and learning of Irish. Guest speakers, interactive workshops and networking opportunities will be available that will inspire teachers with new ideas and effective strategies to bring back to their own classrooms. ———————-
Among the guests and organisations that will be taking part will be:
- Dr Claire Dunne (Sealbhú)
- Yvonne Ní Mhurchú (Department of Education Inspectorate)
- Ficheall.ie
- COGG
- Gaelbhratach
- Foclóir.ie
In addition, a wide range of workshops will be run by primary school teachers who will share examples of effective practice in the classroom. Creative and practical ways of promoting Irish through language games, sport, music, communication activities, digital technology and much more will be demonstrated, bringing fresh ideas and inspiration to every participant. ————————————————————————
Join us for this exciting day of sharing, collaboration and celebration of Irish teaching.
Cláraigh ag an nasc/ Register at the link: Clárú don Tionól Teagaisc Bunscoile 2026 – Oide

