Search

Ábhair Foghlama Ghairmiúla

Feasacht Teanga 2026/2027
Seimineár Gréasáin – Draíocht na bhFocal

Sa seimineár gréasáin seo, tabharfar léargas do mhúinteoirí bunscoile ar mhúineadh stór focal mar chuid de na trí shnáithe  i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Díreofar ar  thuiscint focal a chur chun cinn, múineadh focail aonair, straitéisí foghlama  focal agus conas eispéireas teanga foghlamtha éagsúil agus saibhir a thabhairt go meallteach agus go héasca.

Gníomhaireacht an Fhoghlaimeora

Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an seimineár gréasáin seo, ‘Foghlaimeoirí, Éisteoirí agus Teanga. Gníomhaireacht an Fhoghlaimeora agus an CTB’.

Ullmhúchán Gearrthéarmach trí lionsa an Churaclaim Teanga na Bunscoile
Ó Chluichí go Caint

Táimid ar bís sraith nua seimineár gréasáin “Ó Chluichí go Caint” a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile do na meán agus ardranganna I scoileanna lán Bhéarla. Tá an tsraith seo dírithe ar straitéisí praiticiúla agus gníomhaíochtaí spraíúla a chur ar fáil chun foghlaim teanga a dhéanamh níos suimiúla agus taitneamhacha do dhaltaí. Beidh na seisiúin dírithe ar chumarsáid trí Ghaeilge a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha, measúnú agus úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga.

Is féidir teacht ar ábhar foghlama gairmiúla agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna hÉispéiris Foghlama Gairmiúla (EFG) a soláthraíodh sa rannóg seo.

Ag Saibhriú na Gaeilge in Ardranganna Bunscoileanna Lán-Ghaeilge

Ag Saibhriú na Gaeilge- Seisiún a hAon


Ag Saibhriú na Gaeilge- Seisiún a Dó


Ag Saibhriú na Gaeilge- Seisiún a Trí

Gaeilge mar Theanga Bhreise

Gaeilge mar Theanga Bhreise- Seisiún a hAon


Gaeilge mar Theanga Bhreise- Seisiún a Dó

EFG: An Ghaeilge – Teanga Chaidrimh na Scoile

Tá an EFG seo thíos bunaithe ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga chaidrimh i scoileanna Gaeltachta agus suíomhanna lán-Ghaeilge. Roinntear ​smaointe agus áiseanna a chabhróidh libh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga chaidrimh. 

Seimineár Gréasáin: An tAiseolas Ceartaitheach mar Chur Chuige chun Cruinneas a fhorbairt i gComhthéacs an Tumoideachais

Tá sé mar aidhm ag an seimineár gréasáin seo tacaíocht a thabhairt do cheannairí scoile agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge cruinneas a fhorbairt i measc foghlaimeoirí. Díríonn an EFG ar líne seo ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon.

​

Ábhar Tacaíochta don Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim 2021

Tá rogha treorach agus tacaíochtaí sa rannán seo a d’fhéadfadh a bheith cabhrach do mhúinteoirí agus iad ag machnamh ar ullmhúchán don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnacht.

​

Back to Top