Cuardaigh

Acmhainní

Sa rannán seo tá na hábhair foghlama gairmiúla ann chomh maith leis na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil an mhúinteora agus le forbairt ghairmiúil na scoile ar gach réimse den oideachas eolaíochta

Déanaimid Comhrá san Eolaíocht

Forbhreathnú:

Uirlis chumhachtach is e caint agus comhrá chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga bunscoile. Forbraíodh an creat ‘Déanfaimid comhrá’ chun tacú le múinteoirí smaointeoireacht a ndaltaí a chur chun cinn tríd an comhrá agus an phlé.

Imscrúdú Eolaíochta

Forbhreathnú:

Fiosrúchán eolaíochta Is cur chuige é fiosrúchán eolaíochta a leagann béim ar rannpháirtíocht ghníomhach na bpáistí san Eolaíocht ar bhealaí a léiríonn an chaoi a mbíonn eolaithe ag obair i gcomhthéacsanna fíorshaoil. Trí chur chuige a bhaineann le fiosrúchán eolaíochta, tógann agus neartaíonn páistí scileanna eolaíochta, eolas eolaíochta agus a dtuiscint ar Nádúr na hEolaíochta. Cé gur féidir le múinteoirí fiosrúcháin eolaíochta a thionscnamh agus a stiúradh ar dtús, ba cheart dul ar aghaidh leo le bheith níos treoraithe agus níos mó faoi stiúir an pháiste. Féadfaidh siad deiseanna níos fearr a chur ar fáil do pháistí le haghaidh cumas gníomhúcháin agus cinnteoireachta. Ní próiseas forordaithe, aonfhoirmeach ná líneach í an eolaíocht bunaithe ar fhiosrú. De réir mar a théann páistí ar aghaidh trí gach céim, féadfaidh na fiosrúcháin eolaíochta éirí níos dúshlánaí, agus na páistí ag cur a gcuid ceisteanna eolaíochta neamhiata féin, ag dearadh a gcuid iniúchtaí féin agus ag cosaint a gcuid torthaí nó tátal. (lch. 36)

Scileanna Eolaíochta – Cártaí Tascanna

Forbhreathnú:

Anseo tá roinnt tascanna a bhaineann le scileanna eolaíochta: Ceistiú Eolaíoch, Imscrúdú, Breathnóireacht, Tátal a bhaint, Réamhaisnéis agus Aicmiú.

Back to Top