Reáchtálfar eispéireas foghlama gairmiúla (as Gaeilge agus as Béarla) in Ionaid Oideachais timpeall na tíre a chabhróidh le múinteoirí maidir le hullmhúchán taifeadta ghearrthéarmaigh do Churaclam Teanga na Bunscoile. Tacófar le tuiscint athnuaite ar ‘Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim – Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta’ a fheabhsú agus a fhorbairt. Ina theannta sin, pléifear cleachtas athmhachnaimh a fhorbairt i do chomhthéacs scoile féin, ó thaobh an ullmhúcháin ghearrthéarmaigh de.
Cláraigh anois https://oide.ie/ga/muinteoiri/
Beidh an t-eispéireas foghlama gairmiúla seo ar fáil as Gaeilge sna hIonaid Tacaíochta Oideachais seo a leanas:
4 Feabhra 15.30-17.30 Áth Luain, Trá Lí, Gaillimh
6 Feabhra 15.30-17.30 Corcaigh
11 Feabhra 15.30-17.30 Maigh Eo agus Dún na nGall
12 Feabhra 15.30-17.30 BÁC Thiar