Search

Cultúr Ionchuimsitheach a Chothú i mBunscoileanna

Tá sé mar aidhm ag an eispéireas foghlama gairmiúla (EFG) seo tacú le ceannairí scoile agus múinteoirí cultúr ionchuimsitheach a chothú ina scoileanna.

Trí phlé agus machnamh, beidh deiseanna ag rannpháirtithe a dtuiscint ar chuimsiú agus ar éagsúlacht a fhorbairt, iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cultúr, caidreamh, comhpháirtíochtaí, beartas, pleanáil, curaclam agus cuir chuige oideolaíocha ar bhraistint mhuintearais an fhoghlaimeora sa scoil, agus machnamh a dhéanamh ar a gcultúr scoile reatha agus a bhreithniú conas is féidir leo tógáil ar a gcleachtais reatha agus iad a fhorbairt.

Beidh an EFG seo ar siúl in Ionad Oideachais Droim Conrach ar an Máirt, 23 Meán Fómhair 2025 ó 9.30-15.30.

Tá cead ag ceannaire scoile amháin agus múinteoir amháin eile ó gach scoil freastal ar an seimineár seo.
Cuirfidh an Roinn Oideachais clúdach ionadaíochta ar fáil más gá.

Cláraigh anseo: https://oide.ie/ga/muinteoiri/

Screenshot 2025 09 11 151811

Return to Previous Page

Back to Top