IAR-BHUNSCOIL
Ábhair Teicneolaíochta
- Home
- Iar-bhunscoil
- Ábhair Teicneolaíochta
“Scileanna inaistrithe a fhorbairt a spreagann an scoláire chun fadhbanna a réiteach trí chruthú, nuálaíocht, cumarsáid, comhoibriú agus iniúchadh”
Tugann gach ábhar sa tsraith teicneolaíochta eispéiris éagsúla do scoláirí a chuireann lena n-oiliúint in oideachas teicneolaíochta. Mar thoradh air sin, ní hamháin go mbaineann ullmhú scoláirí le haghaidh foghlama sna hábhair theicneolaíochta leis an teagasc i dtreo na teicneolaíochta ach i dtreo na scileanna atá bunúsach do na hábhair theicneolaíochta agus atá inaistrithe i réimsí eile dá gcuid foghlama: scileanna a spreagann an scoláire chun fadhbanna a réiteach trí chruthú, nuálaíocht, cumarsáid, comhoibriú agus iniúchadh, agus forbraítear iad go léir i dtimpeallacht ghníomhach foghlama inar féidir leis an scoláire a chuid smaointe a chur chun cinn ó choincheap go fíorú.