Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) a Roghnú

“Is é atá i gceist le Droichead go bunúsach ná aistear gairmiúil an MNC agus próiseas a (h)ionduchtaithe. Príomhghné den phróiseas seo ná rannpháirtíocht MNC le comhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu, agus machnamh ar na comhráite gairmiúla a tharlaíonn ina f(h)oghlaim ghairmiúil agus cleachtadh gairmiúil. Tá bealaí éagsúla ann inar féidir FTG a bhunú. Sna scoileanna atá níos mó, ina bhfuil a lán MNCanna, d’fhéadfadh foirne éagsúla feidhmiú i dteannta a chéile. I scoileanna níos lú, b’fhéidir gur leor foireann ar a bhfuil beirt nó triúr de mhúinteoirí. I scoileanna atá an-bheag, nó i gcásanna nach bhfuil scoil sa suíomh le FTG a bhunú ó laistigh den fhoireann amháin, tá samhail sheachtrach ar fáil” (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2017, lch.5).

Foireann Tacaíochta Gairmiúla Inmheánaigh 

Samhail Idirscoile 
Gné Seachtrach 
Back to Top