Tacaíochtaí Ionduchtaithe

“Is próiseas comhoibríoch i gcónaí é an tacaíocht a thugtar do mhúinteoir nuacháilithe le linn Droichead” (an Chomhairle Mhúinteoireachta, 2017, lch. 5).

Chuige sin, spreagtar an Múinteoir Nua-Cháilithe (MNC) agus an Foireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) le gach deis a thapú chun na saincheisteanna agus dúshláin a phlé de réir mar a thagann siad chun cinn. Cuireann na FTGanna raon tacaíochtaí ar fáil a chuireann an MNC ar a c(h)umas tabhairt faoi na dúshláin sin agus foghlaim uathu. Tá tacaíocht, comhairle agus treoir bhreise ar fáil ón CNIM trína sheirbhís tacaíochta scoile, agus b’fhiú roinnt ama bhreise a chur ar fáil chun é seo a éascú.

Tá réimse tacaíochtaí do scoileanna san áireamh thíos.

Nuashonruithe Droichead
Back to Top