Fáilte chuig an rannán dár suíomh gréasáin atá tiománta do thacaíocht a chur ar fáil d’ionduchtáin múinteoirí.
‘Is creat comhtháite ionduchtaithe gairmiúil do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) é an próiseas Droichead agus tá sé lárnach sa leanúntas d’oideachas múinteoirí. Tógann sé ar oideachas tosaigh múinteoirí (OTM) agus aithníonn sé gur céim ar leith den chontanam é an t-ionduchtú. Tacaíonn Droichead le MNCanna de réir mar a aistríonn siad ó OTM agus nuair a chuireann a bpiaraí fáilte rompu isteach sa ghairm.’
(An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, lch.4)
Ag obair i gcomhpháirt le scoileanna, tá foghlaim gairmiúil, treoir, agus tacaíocht leanúnach á gcur ar fáil ag an Rannán Ionduchtúcháin Droichead de chuid Oide lena chinntiú gur féidir le MNCanna, Foirne Tacaíochta Gairmiúla (FTGanna), agus Ceannairí Scoile tabhairt faoin ionduchtúchán le cuspóir agus le muinín. Tá na tacaíochtaí sin mar bhonn faoi fheidhmiú éifeachtach Droichead i scoileanna bunscoile agus iar-bhunscoile.
Sa rannóg seo, cuirtear eolas agus acmhainní ar fáil ar mhaithe le príomhoidí, FTGanna, MNCanna, agus pobail scoile uile chun tacú le próiseas ionduchtúcháin atá ar ardchaighdeán.
