Cuardaigh

Fáilte

Fáilte chuig ár suíomh gréasáin

Is seirbhís tacaíochta do scoileanna de chuid na Roinne Oideachais é Oide, a bunaíodh in 2023.

Is í an aidhm atá againn ná tacú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí. Déanaimid amhlaidh ar bhealaí ceannródaíocha, nuálacha agus cruthaitheacha a léiríonn eagraíocht nua-aimseartha, fhorásach agus ghairmiúil agus a chinntíonn freisin go mbíonn na heispéiris foghlama is fearr is féidir ag ár ndaoine óga.

Dearadh an suíomh gréasáin seo go cúramach agus sinn ag smaoineamh ortsa mar úsáideoir deiridh. Sa phróiseas deartha baineadh úsáid as an eolas agus as an taithí ollmhór atá bailithe ag seirbhísí tacaíochta na forbartha gairmiúla le blianta fada anuas. Beidh ról ríthábhachtach ag an suíomh gréasáin inár gcumarsáid le ceannairí scoile agus le múinteoirí agus fásfaidh agus forbróidh sé le hais na heagraíochta í féin.

Déantar cur síos sa suíomh gréasáin seo orainn féin agus ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil, tugtar sonraí faoinár gcuid imeachtaí agus conas teagmháil a dhéanamh linn. Feidhmeoidh sé freisin mar stór do na hacmhainní foghlama gairmiúla agus do na hábhair ranga go léir a bhíonn á ndearadh agus á n-éascú againn le ceannairí scoile agus le múinteoirí ar fud na tíre. Tá Oide tiomanta don suíomh gréasáin seo a choinneáil cothrom le dáta. Tá súil againn go mbeidh sé éasca duit é a nascleanúint, agus go mbeidh sé ina fhoinse eolais chabhrach duit i do chuid oibre.

Bain sult as brabhsáil tríd.

Dr. Pádraig Kirk
Stiúrthóir Bainistíochta
Pádraig Kirk
Back to Top