Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Imeachtaí Foghlaim Ghairmiúil Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí.
Forléargas ar EFG: Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí
Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar shaol laethúil daoine ó shochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe agus smaointeoireacht chriticiúil agus gníomhú foghlaimeoirí a chothú trí fhoghlaim ar bhonn fiosraithe agus trí thaighde éifeachtach. Breithnítear i Seisiún 1 conas gníomhú foghlaimeoirí a fheabhsú i seomra an Léinn Chlasaicigh, breathnaítear tuilleadh i Seisiún 2 ar ghníomhú foghlaimeoirí a fhorbairt trí shraith gníomhaíochtaí foghlama ar bhonn fiosraithe ar ábhair foinse ársa ó Phoimpé, anailís a dhéanamh ar fhianaise agus scéalta a chur le chéile trí cheistiú éifeachtach. Leagann Seisiún 3 béim ar an tábhacht agus ar an ról a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar ról an aiseolais fhoirmithigh i bhforbairt gníomhú foghlaimeoirí.
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.
Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí
Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi chun rannpháirtíocht na scoláirí le pearsana ón seanam a fheabhsú, critéir ratha agus ábhar digiteach a fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Breithníonn Seisiún 1 straitéisí chun rannpháirtíocht na scoláirí a fheabhsú le daoine a raibh tionchar acu ar an domhan ársa agus ar ról na spreagthaí fuaime agus amhairc i Seomra Ranga an Léinn Chlasaicigh. Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar an tábhacht a bhaineann le hintinní foghlama agus critéir ratha a fhorbairt sa seomra ranga agus deis a bheith ann an fhoghlaim a phlé ó shamplaí de shaothar scoláirí. Glactar cur chuige praiticiúil i seisiún 3 maidir le hinneachar digiteach a fhorbairt trí úsáid a bhaint as scéalaíocht agus as teicneolaíochtaí digiteacha.
Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.
Seisiúin chomhoibríocha
Tá sé mar aidhm ag an gcomhsheisiún seo tacú le múinteoirí Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí ar thopaic Thaispeántas na Sean-Róimhe agus ailtireacht na Sean-Róimhe. Díreoidh an comhsheisiún ar ailtireacht an Cholasaeim a iniúchadh, an cuspóir polaitiúil a bhí taobh thiar dá thógáil, agus tábhacht shóisialta an fhoirgnimh ar shochaí na Sean-Róimhe. Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.
Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.