Cuardaigh

Ábhair Foghlama Gairmiúla

Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Imeachtaí Foghlaim Ghairmiúil Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí 2023/2024 agus 2024/2025.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

2024/2025 – Forléargas ar Imeacht Foghlaim Ghairmiúil (IFG): Iniúchadh ar an saol laethúil i sochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe:
Smaointeoireacht chriticiúil agus gníomhaireacht foghlaimeora a chothú trí fhiosrú.

The focus of this PLE is to explore the daily lives of people from ancient Greek and Roman societies while fostering critical thinking and learner agency through enquiry based learning and effective research. Session 1 considers how to enhance learner agency in the Classics classroom, Session 2 further expands on developing learner agency through a series of enquiry based learning activities of ancient source materials from Pompeii, analysing evidence and building narratives through effective questioning. Session 3 emphasises the importance and role of exploring the role of formative feedback in developing learner agency.

Iniúchadh ar an saol laethúil i sochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe:

Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

2023/2024 – Forléargas ar Imeacht Foghlaim Ghairmiúil (IFG): Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí

Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi chun rannpháirtíocht na scoláirí le pearsana ón seanam a fheabhsú, critéir ratha agus ábhar digiteach a fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Breithníonn Seisiún 1 straitéisí chun rannpháirtíocht na scoláirí a fheabhsú le daoine a raibh tionchar acu ar an domhan ársa agus ar ról na spreagthaí fuaime agus amhairc i Seomra Ranga an Léinn Chlasaicigh.  Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar an tábhacht a bhaineann le hintinní foghlama agus critéir ratha a fhorbairt sa seomra ranga agus deis a bheith ann an fhoghlaim a phlé ó shamplaí de shaothar scoláirí. Glactar cur chuige praiticiúil i seisiún 3 maidir le hinneachar digiteach a fhorbairt trí úsáid a bhaint as scéalaíocht agus as teicneolaíochtaí digiteacha.

Seisiún 1

Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana Mór le Rá i Seomra Ranga na gClasaicí a Fheabhsú

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Seisiún 2

Intinní Foghlama agus Critéir Ratha a Fhorbairt i Seomra Ranga na gClasaicí

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Seisiún 3

Ábhar digiteach a chruthú ar féidir leis rannpháirtíocht na scoláirí san fhoghlaim a fheabhsú agus a dhoimhniú.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Seisiúin chomhoibríocha Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí:

An Colasaem agus Taispeántas na Sean-Róimhe

Tá sé mar aidhm ag an gcomhsheisiún seo tacú le múinteoirí Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí ar thopaic Thaispeántas na Sean-Róimhe agus ailtireacht na Sean-Róimhe. Díreoidh an comhsheisiún ar ailtireacht an Cholasaeim a iniúchadh, an cuspóir polaitiúil a bhí taobh thiar dá thógáil, agus tábhacht shóisialta an fhoirgnimh ar shochaí na Sean-Róimhe. Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Back to Top