Cuardaigh

Acmhainní

Sa chuid seo tá acmhainní tacaíochta don Treoir sa tSraith Shóisearach.

Riachtanais Scoláirí a Aithint: Suirbhéanna Samplacha do Scoláirí agus do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí  

Forbhreathnú:

Moltar sna suirbhéanna seo ceisteanna agus téamaí féideartha chun cuidiú le fiosrú a dhéanamh ar na riachtanais atá ag scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus ag a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí maidir le treoir. Is féidir leis sin cuidiú chun a mbarúlacha a bhailiú agus chun machnamh a spreagadh agus do phlean maidir le Treoir Scoile Uile (TSU) á chruthú, á athbhreithniú agus á fhorbairt. Is féidir é sin a chur in eagar agus a fhormáidiú ionas go mbeidh sé oiriúnach do do chomhthéacs féin.   Tá siad sin ar fail mar leagan PDF agus leagan ineagarthóireachta anseo: Padlet maidir le Treoir na Sraithe Sóisearaí – Tacú le Pleanáil le haghaidh Threoir na Sraithe Sóisearaí, Comhdháil IGC 2026. 

Suirbhéanna Samplacha

Aonaid Foghlama Treorach ón NCGE

Forbhreathnú:

Chruthaigh LNTO/NCGE agus Saol Oibre na ceachtanna foghlama seo chun tacú le Treoir sa tSraith Shóisearach. Cuimsíonn gach aonad, plean ceachta, cur i láthair agus bileog oibre gaolmhar. Tá 7 gceacht in aghaidh na bliana thar na 3 bliana. Tá torthaí foghlama, ráitis foghlama agus táscairí folláine sa phlean. Féadfaidh scoileanna na ceachtanna seo a chur in oiriúint dá riachtanais féin nó a n-aonaid foghlama féin a dhearadh.

Aonaid Foghlama:

Na Padlet Treoracha

Tacú le Pleanáil le haghaidh ​ 
Threoir na Sraithe Sóisearaí – Comhdháil IGC Márta 2026 

An Padlet a bhaineann leis an eispéireas foghlama gairmiúla maidir le  Tacú le Pleanáil le haghaidh Threoir na Sraithe Sóisearaí a éascaíodh ag  Comhdháil IGC, Márta 2026. 

Padlet don Treoir sa tSraith Shóisearach

Treoir don tSraith Shóisearach

Chuaigh an Padlet seo in éineacht leis an bhfoghlaim ghairmiúil ar Threoir don tSraith Shóisearach. Cuimsíonn an Padlet seo íomhanna de na aonaid foghlama a d’oibrigh na rannpháirtithe ar i rith na laethanta.

Padlet don Treoir sa tSraith Shóisearach

Ionchuimsiú sa Treoir

Chuaigh an Padlet seo in éineacht leis an bhfoghlaim ghairmiúil ar Ionchuimsiú i dTreoir. Feidhmíonn an Padlet seo mar stór acmhainní le hábhair a d’fhéadfadh a bheith cabhrach agus tú ag tacú le daltaí.

Padlet Ionchuimsiú i dTreoir
Back to Top