Sa chuid seo tá na hábhair foghlama gairmiúla agus na acmhainní tacaíochta maidir le Treoir na Sraithe Sóisearaí.
Forbhreathnú:
San eispéireas foghlama gairmiúla seo (EFG) a éascaíodh ag Comhdháil IGC 2026, tá tacaíocht do threoirchomhairleoirí chun Treoir na Sraithe Sóisearaí a neartú trí nasc a dhéanamh idir polasaí agus taighde de chuid na Roinne Oideachais agus Óige agus cleachtas éifeachtach. Tugtar deiseanna don fhiosrú comhoibríoch ar riachtanais scoláirí agus ar phríomhthéamaí, tacaítear le rannpháirtithe an léargas sin a úsáid chun clár Treorach le haghaidh na Sraithe Sóisearaí a bheidh ábhartha agus freagrúil ar an gcomhthéacs a fhorbairt agus a bheachtú dá scoil féin.
Ábhar Foghlama Gairmiúla:
Sa rannán seo, tá na hábhair foghlama gairmiúla a úsáideadh mar chuid den eispéireas foghlama gairmiúla seo ar fáil.
Padlet maidir le Treoir na Sraithe Sóisearaí
Riachtanais Scoláirí a Aithint: Suirbhéanna Samplacha do Scoláirí agus do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí
Moltar sna suirbhéanna seo ceisteanna agus téamaí féideartha chun cuidiú le fiosrú a dhéanamh ar na riachtanais atá ag scoláirí na Sraithe Sóisearaí agus ag a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí maidir le treoir. Is féidir leis sin cuidiú chun a mbarúlacha a bhailiú agus chun machnamh a spreagadh agus do phlean maidir le Treoir Scoile Uile (TSU) á chruthú, á athbhreithniú agus á fhorbairt. Is féidir é sin a chur in eagar agus a fhormáidiú ionas go mbeidh sé oiriúnach do do chomhthéacs féin. Tá siad sin ar fail mar leagan PDF agus leagan ineagarthóireachta anseo: Padlet maidir le Treoir na Sraithe Sóisearaí – Tacú le Pleanáil le haghaidh Threoir na Sraithe Sóisearaí, Comhdháil IGC 2026.
Forbhreathnú:
Tá ról lárnach ag treoirchomhairleoirí i bpleanáil agus i ndearadh an clár treorach sa tsraith shóisearach. Sa lá seo bhí treoirchomhairleoirí ag fiosrú, bealaí éifeachtacha chun treoir a ionchorpú sa tsraith shóisearach, aonaid foghlama a dhearadh, agus modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí.
Ábhar Foghlama Gairmiúla:
Sa chuid seo gheobhaidh tú na hábhair foghlama gairmiúla a úsáidtear i 2023. I mBéarla amháin atá na hábhair seo.


